School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 200

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 200

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 200
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí trí mic aige. Bhí duine amháin acú amaideach, iomlatach, ach bhí an bheirt eile iongantar críonna.

    (continued from previous page)
    Nuair a bhí sé dha mí ar shiubhal scríobh sé abhaile chuig an t-athair fa choinne fiche púnta, nó go rabh sé ag fághail ait an mhaith. Chuir an t-athair an t-airgead chuighe. Tháinig sé abhaile arais agus d’imthir sé leis an greasaidhe. Bhain an greasaidhe an uair seo fósta.
    Chuaidh sé ar siubhal annsin. Ag gabháil tró coill do cé casadh air achi Rí Shasan. Ní rabh aithne aige ar an rí acht d’athain an rí eisean. D’fiafruigh an rí do’n gasúr ca rabh sé ag gabháil. Dubhairt sé go rabh sé ag tarraing ar daingean an Ríogh. D’innis an rí do go rabh seisean ag gabháil annsin fósta agus go mbéadh an beirt le chéile. Chuaidh siad go toigh ósta fa choinne an oidhche sin. Ag an deich a chlog tháinig an cailín a bhí ann agus thug sí an s-olas léithe.
    Annsin shiubhail an gasúr anonn chuig an leabaidh agus chuir a lámh air. Chuaidh sé síos tríd an t-urlar arais bhomaite agus tháinig fir go dtí an doras agus thóisigh siad ag teacht isteach. Bhí fhios ag an rí go rabh siad éigin cearr nuair a chuir an cailín an solas as. (Líom an gunna) Scaol an gasúr iad uilig.
    D’imthigh an rí agus an gasúr go Sasain, agus pósadh an gasúr inghean an ríogh. Lá amháin bliadhain na dhiaidh sin tháinig siad abhaile go h-Éirinn, agus cé casadh ortha i lar na sráide ach an greasaidhe. D’imir an bean chluiche cardaí leis, agus bhain sí gach rud dá rabh aige. Cuireadh failte rompa sa bhaile, agus d’fan siad seachtmhain ann, agus annsin phill siad abhaile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire T. Nic Cuinneagain
    Gender
    Female
    Address
    Largy, Co. Donegal
    Informant
    Micheál O Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Kill, Co. Donegal