School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 224
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé in a chomhnaidhe comhgarach do choill. Bhí beirt comradaidhe aige.”
(continued from previous page)bhfuil tobair faoi an talamh." "Cé'n áit a bhfuil sí" arsa'n préachan. "Tá sí faoi an charraig mhór atá thall annsin". Bhí an triúr fear ag éisteacht faoi an chrann agus chualaidh siad gach rud a dubhairt na préachain. Annsin chuaidh na préacháin ar shiubhail. Nuair a chualaidh a bheirt fhear gach rud a dubhairt na preacháin, dubhairt siad go gcleanglóchadh siad an fear eile do'n chrann. Nuair a rinn siad seo rith siad an méid a bhí ina gcorp. Bhí an fear bocht ag iarraidh an rópa a bhriseadh acht ní rabh siad ábalta mar go rabh sé dall. Bhí an driucht ag tuitim go an-ghasta agus smaoitigh an fear ar an rud a dubhairt na préacháin. Chrom sé anuas agus thóg sé cuid de'n driucht ina láimh agus chuimil sé ar a shúile é. Níor luaithe ar rinn sé seo ná chonnaic sé aríst. Annsin bhris sé na rópaí a rabh sé ceanngailte leis. D'éirigh sé annsin agus thug sé lán buideal de'n driucht leis agus chuaidh sé abhaile. An lá ina dhiaidh sin chuaidh sé go dtí an(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Informant
- Mícheal Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal