School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 268
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus a bhean ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin acu. Fuair an mháthair bás nuair a bhí inghean an óg ar fad.”
(continued from previous page)tábla roimh an chailín. Chuir an chaora gach cineál biadh ar an éadach. D'ith an cailín a sáith. An lá 'na dhiaidh sin ní rabh sí ábalta an mín-choirce a ithe. Dubhairt an leas-mháthair léithí go gcaitheadh sí theachr aníos ins an tráthnóna leis an obair a dhéanamh mar go rabh sise agus a dhá inghean ag gábhail go dtí damhsa. Tháinig sí aníos agus bhí an triúr eile réidh le gabhail. Thoisigh sí ag caoineadh nuair a d'imthigh an triúr eile. Ní rabh rud ar bith déanta aicí acht an t-urlár sguabtha agus na soighte nighte nuair a tháinig an chaorach dhubh asteach. D'iarr sí ar an chailín gan a bhéith ag caoineadh. THug sí gúna, agus stocaí, agus cóta de'n dáth amháin dí. D'imthigh sí ar charr go dtí an damhsa. Bá í an cailín a bá deise í ag an damhsa. Bhí prionnsa an damhsa seo. Acht sul a chuaidh sé(continues on next page)- Collector
- Máire B. Ní Bhreisleain
- Gender
- Female
- Address
- Ardinawark, Co. Donegal
- Informant
- Seamús Ó Breisleain
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Address
- Ardinawark, Co. Donegal