School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 280
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí buachaill in aon uair amháin agus ní rabh sé chliste ar chorr ar bith.”
(continued from previous page)Shiubhal an buachaill leis an tríomhadh uair agus é ag rádh chuirfeadh tú síos acht ní thiocfadh siad aníos arsan buachaill.
Bhí ceithre buachaill ag cur síl. Chonnaic siad an buachaill ag teacht agus ní rabh fhios acu caidé bhí an buachaill ag rádh agus arsa ceann acu.
"Go mbeannuighidh Dia duit. "Chuirfidh tú síos acht ní thiocfadh siad aníos" Fuair siad sin mar freagra ó'n bhuachaill. Thug siadsan buaileadh dó fosta, agus annsin dubhairt siad leis "Ceann amháin i mbliadhna acht céad ceann an bhliaidhain s'againne."
Shiubhail an buachaill leis agus é ag rádh "Ceann amháin i mbliadhna acht céad ceann an bhliaidhain s'againne." Chas torramh ar annsin. Arsa buachaill. "Ceann amháin i mbliadhna acht céad ceann an bhliaidhain s'againne."
Thug na daoine buaileadh maith dó acht siubhal sé leis abhaile gan an croidhe sgamain nó an cruadh ae a fhaghail.Caitlín Ní Ghallchobhair
Ard Bhaile- Collector
- Cáitlín Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Ardvally, Co. Donegal