School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 282
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann aon uair amháin. Bhí sé i gcomhnuidhe cóis fairrge.”
(continued from previous page)mbliadhna má tá tú ag innse na fírinne damh a dubhairt an éireanna, rachfaidh mise go bhfeicfidh mé é comh h-aosta agus tá tú fhéin fheadaimh a chreidiúint go bhfuil do athair beo. Chuaidh an mairnealach agus fear na feasóige go dtí an teach. Dubhairt an sean fhear leis, nuair a rathas tú ar teach beidh sé ag éirigh ort láimh a craitheadh leis, ná tabhair do láimh dó no gheobhaidh sé greim chruaidh uirthi. Nuair a chuaidh sé isteach thoisigh sé ag crathadh láimh leis. Thug sé a láimh dó agus thug sé greim an-chruaidh uirthí. Shíl sé go gcaitheadh sé caoineadh sul a leigeadh sé a láimh leis. Dubhairt sé leis a theacht go dtí an teinidh go mbeadh píosa cainnt aca. Nuair a bhí siad ag cainnt tamall, bhí fhios aige gur ó Éireann a tháinig sé, d'iarr sé air cen condae a bhí sé ina chomhnuidhe ann. Dubhairt sé go rabh sé ina chomhnaidhe i gco. na Gaillimhe.(continues on next page)- Collector
- Eiblín Ní Chinneide
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Informant
- Artúr Ó Cinneide
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal