School: Brackey (roll number 3500)

Location:
Bracky, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 232

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 232

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Brackey
  2. XML Page 232
  3. XML “Billí Bell”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aige deireadh a chur le tromluidhe Bhillé. Caithfidh se go bfuair Billé lideadh inteacht caidé bhí ar chois – cogarnach a chuala sé idir a bheirt is dóichtha – acht i gcás ar bith, ma bhí siad san gnoitheach ní rabh Billé díomhaoin ach oiread.
    I leabaidh na clúide a bhí fear Bhaile Cliath le codladh, agus nuair a fuair sé fhaill idir sin a’s am luighe chuir Billé a dhóigh fhéin ar a’ leabaidh. Bhain se cupla pionann dén luachair a ba ghlaise sa pháirc, agus thug isteach iad i gainfios. Idir sin is tráthas níor fhág sé suipín cochain sa leabaidh nar bhain sé amach, agus chuir an luachair ghlas i n-áit. “A bhuachaill mhodhamhail”, arsa Billé leis fhéin, “tá oidhche ar ríribh romhat-sa”. Chuaidh siad a luighe, acht siúl níor dhruid Billé acht a fuireacht leis a ghreann, a bhí fhios aige a d’éireocadh ar ball, na níor chodlaidh an duine ariamh ar luachair ghlais nach dtiocfadh tromluidhe air.
    Bhí cliamhain Bhillé tuirseach indiaidh a thurais agus ní rabh sé moran le sínte sa leabaidh nuair a bhí sé ‘na cnap coladta, agus thoisigh an bhreongloideach. Shíl sé go dtainig Tighearna Talaimh chuiga, agus go dtug an Tighearna maoirseacht a dhúthaige dó. Bhí an cíos le cruinnuighadh aige achan bhliadhain, agus nuair a bhéadh an t-airgead uilig istoigh aige gheóbhadh sé cuig céad punnta dó fhéin. Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc.
    An luthghair a shíl sé a bhí air leithidh a phosta a theacht ‘un a bhealaigh. Chuaidh sé i gcionn oibre, agus d’éirigh go h-an mhaith leis. chruinnigh sé deireadh. Lán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Mac a Ghoill
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Dómhnall Ó Gallachobhair
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cnoc na gCapall, Co. Donegal