School: Brackey (roll number 3500)
- Location:
- Bracky, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Brackey
- XML Page 238
- XML “Scéal Ruaidhrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Creid no na creid”, arsan buachaill, “mara gcreideann fhéin is cuma ce aca sin”. Tá rúd níos iongantaighe na sin again. Tá cruach mhónadh ag binn a toighe, agus nuair a théidheas na turcaighní suas air, tá sé comh h-árd sin go mbíonn said a’ piocad na realtógaí as an spéir”. “Creidim” arsan Rí.
“Creid nó na creid”, arsa fear Ghleann na Geise. “Mura gcreideann fhéin is cuma ce aca sin. Acht fan go gcluinidh tú seo: Tá glean ag mo athair, agus tá sé lán ba bainne. Rinne mé fhéin suas mo inntin lá amhain go stopfainn an glean, agus go ndeanfainn loch ann. Rinne mé amhlaidh. Chuir mé claidhe árd i mbéal a’ ghleanna. Annsin thosuigh mé a bhlighe na mbó, agus char stad mé nó gur líon mé an glean lán bainne”.
“Creidim”, arsan Rí.
“Creid nó na creid”, arsa fear Ghleann na Geise. Mura gcreideann fhéin is Cuma ce aca sin. Acht níl an sgéal sin críochnuigh agam go fóill. Annsin chuaidh f mé fhéin agus mo shean ghearran bhán, agus níor stad muid anoir a’s soir na go dtéarn muid cáis den bhainne”.
“Creidim” arsan Ríg.
“Creidim no na creid”, ars an bhuacaill, “mura gcreideann fhéin is cuma c’ aca sin. Annsin thosuigh mé a dhíol na cáise. Nuair a bhí se uilig díolta go dtí an phreab dheireannach léim maddah ruadh amach(continues on next page)- Collector
- Pádraic Mac a' Ghoill
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Tomas Ó Gallachobhair
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gleann Gheis, Co. Donegal