School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leobtha sa rása gur casadh madadh ruadh orthú. “Ó A mhadaidh ruaidh” arsa Nóra “siud an bás”. “Ca b’fuil”? ars an madadh ruadh “Ó le mo dhá shúil a chonnaiceas agus le mo dhá chluais a chualas agus i m bonn mo choise atá sé” arsa Nóra Nic an Smuilc. Phill an madadh ruadh leo agus rith siad leobhtha gur casadh gearrán bán orthu. “Ó a ghearráin bháin” arsa Nóra siud an bás. “Ca bhfuil”? ar san gearran bán “Ó” arsa Nóra “le mo dhá shúil a chonnaiceas agus le mo dhá chluais a chualas agus i mbonn mo choise atá sé.
Phill an gearran bán leobhtha anois iad uilig ag teicheadh roimh an bhás agus bhuail siad rompa go dtainic siad fhad le abhainn mhór. Bhí tuile san abhainn agus í lán ó bhruach go bruach. “Ó” arsa Nóra “ní thig linn dul trasna na habhna agus tiocfaidh an bás orainn anois cinnte”
“Bhéarfaidh mise trasna sibh” ars an gearran. “Gabhadh Nóra agus Eoghan suas ar mo mhuin an madadh ruadh ar mo shoc agus an gearrfhiadh ar mo ruball. Chuaidh Nóra agus Eoghan suas ar dhruim an ghearráin, an madadh ruadh ar a shoc agus an gearrfhiadh ar a ruball acht nuair a bhí an gearran i lár na habhna bhris cnámh a dhroma agus an tuile an(continues on next page)