Scoil: Cill Chartha

Suíomh:
Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 302

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1042, Leathanach 302

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chartha
  2. XML Leathanach 302
  3. XML “Nóra Nic an Smuilc agus Eoghan 'ac a Chailc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leobtha sa rása gur casadh madadh ruadh orthú. “Ó A mhadaidh ruaidh” arsa Nóra “siud an bás”. “Ca b’fuil”? ars an madadh ruadh “Ó le mo dhá shúil a chonnaiceas agus le mo dhá chluais a chualas agus i m bonn mo choise atá sé” arsa Nóra Nic an Smuilc. Phill an madadh ruadh leo agus rith siad leobhtha gur casadh gearrán bán orthu. “Ó a ghearráin bháin” arsa Nóra siud an bás. “Ca bhfuil”? ar san gearran bán “Ó” arsa Nóra “le mo dhá shúil a chonnaiceas agus le mo dhá chluais a chualas agus i mbonn mo choise atá sé.
    Phill an gearran bán leobhtha anois iad uilig ag teicheadh roimh an bhás agus bhuail siad rompa go dtainic siad fhad le abhainn mhór. Bhí tuile san abhainn agus í lán ó bhruach go bruach. “Ó” arsa Nóra “ní thig linn dul trasna na habhna agus tiocfaidh an bás orainn anois cinnte”
    “Bhéarfaidh mise trasna sibh” ars an gearran. “Gabhadh Nóra agus Eoghan suas ar mo mhuin an madadh ruadh ar mo shoc agus an gearrfhiadh ar mo ruball. Chuaidh Nóra agus Eoghan suas ar dhruim an ghearráin, an madadh ruadh ar a shoc agus an gearrfhiadh ar a ruball acht nuair a bhí an gearran i lár na habhna bhris cnámh a dhroma agus an tuile an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Innéacs seanscéalta
    AT2021: The Cock and the Hen
    Teanga
    Gaeilge