School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 331

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 331

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 331
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Árd a ghitha “Caidé ‘n cineal atá leat”? “Hadógai agus prachair” ars an fear eile ag scairtigh asteach leis”. “Ní bheadh cait na madaidh leat”? ar san fear astuigh.
    Thosaigh an clampas. “Dar m’anam dá mbéinn-se astuigh bhéadh fhios agat caidé bhéadh liom. Sin oighrigheacht a d’fág Mícheal na dhiaidh:
    Clann Uí Ruairc.
    Níl amhras ar bith nach ó phrionnsai leathdrome a shíolruigh an chlann seo. Ba tincleairidhe iad, acht mar bheadh féin bhí rud eighinteacht onórach ag baint leo nach rabh ag daoine eile mar iad.
    Bhí an tainm a bhí ar an seanduine ag taisbeaint nach daoine coitcheannta iad.
    Éremhonn a bhí air. Fear mór ábalta é, agus é comh díreach le fiog. Fear modhamhail a bhí ann acht nuair a bhéadh gleo ann, cé rachadh ‘un troda leis?. Mar sin féin níor bhuail sé buille fealltach ariamh.
    Bhí ceol aca uilig. Thiocfadh leo seinm ar an phíob agus ar an fhidil. Bhí trúir mac ag Éarmhonn ar m’aithne-se. Micí, Neddy agus Jamíe. Tá Jamíe agus Neddy Beo go fóill. Bhí Jamíe bocht, thart annseo cupla mí o shoin agus tá’n duine bocht ag dul síos an fánaidh go mór. Fídeóg atá leis anois in ait na píoba.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish