School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 333
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ta’n duine bocht marbh le corradh agus fiche bliadhan. Bhí £20 aige nuair a fuair sé bás.
Jack the Bowl of tea.
Duine lagach Jack. Ag cruinnuigadh préatai bhíodh seisean. Bhí aghaid bheag chruinn ruicneach aige agus aoibhean gháire inntí i g-comhnuidhe. Níor chaith sé bróga ariamh, Samhradh na Geimhreadh. Bhí sé comh gasta le gearr-fhiadh, ní fhacthas ariamh é acht sodar leis as cuma ciaca bíodh an chliabh lán na nach mbíodh. Chonnaic mé é agus mé mo pháiste, chonnaic mé é tríocha blaidhan na dhiaidh sin agus bhéarfainn mionna nar athruigh sé pioc ó’n chéad lá a casadh orm é. Bhí an chliabh ar a dhruim, é costarnocht, an sodar ceadna faoi, agus an gáire ceadna in a aghaidh.
Ní fheicfear an duine bocht ar an t-saoghal seo níos mo.
Pusaidhe Chul na gCopóg
Leas ainm seo ar an duine bócht. Ní feasach damh a ainm ceart agus níl ann acht go bhfuil cuimhne agam air. Bhas Chul na Copóg i bparraiste na g-Ceall é. Bhíod pus air i dtólamh agus sin a fáth a tugadh pusaidhe air. Fear beag a bhí ann é cosiarnocht bunas de’n am. Bhíodh sé ag dul thart ag cruinniugadh déisce agus ghlaifadh sé rud ar bith a bhéarfaidhe. Dó, préatai, min, plúr,(continues on next page)