School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 198

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 198

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 198
  3. XML “An Chuigeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhíos duine ag maistriughadh.
    Tá an meadar deánta ‘na dhá cuid an corp a bheirtear ar an leath íochtarach de agus an lafta a bheirtear ar an leath uachtarach de. Tá an áit a ghreamuigheas an lafta agus an corp níos cumhainge nó áit ar bith eile sa mheadar. Tá an meadar uilig deánta de dhair.
    Ní ionann an t-adhmad atá i gchlár na meidre is tá sa’ meadar é féin. Tá an clár deánta de ghiumhais bhan siocair go mbíonn sé níos éadtroma tógailt nó an dair agus siocair go ngreamóchadh na gnumhógar agus an bhainne ar an chlar dá mbeádh sé deánta de dhair.
    Tá trí marc ar an bhéal taobh istigh agus caithfear an clár a chur síos ar dhóigh spéisialta ionnus go luighfidh sé síos i gceart ar an chuinneóig.
    Ghnídhtear maistreadh dá uair sa t-seachtmhain sa’ t-samhradh agus uair amháin sa’ t-seachtmhain sa’ geimhreadh.
    Cuidigheann muid uilig leis an maistreadh a bhualadh nó bhéadh duine amháin án - tuirseach ag maistreadh. Bíonn siad ag maistreadh ar feadh leath - uaire sá t-samhradh agus trí ceathramhadh h-uaire nuair a bhíos an fuacht ann siocair go mbíonn an bainne fuar agus doiligh a bhualadh. Is leis na lámha a oibrightear nuair a bhíos duine ag maistriughadh oibrightear an loinithe aníos agus síos agus ó thaoibh go taobh.
    Is furust aithne nuair atá an maistreadh buailte nó nuair a thigeas an loinithe aníos agus é glan ach amháin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Bean Mhac Aodha
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    43
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Mucros, Co. Donegal