School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 205
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    siad an bhiotailte. Annsin leagad siad amach lá an phosta agus lá na bainse. Théigheadh sluagh daoine leis an mhnaoi a bhí le pósadh agus sluagh eile leis an fhear. Castaoi an dá shluagh ar a chéile ag teach na mná agus théigheadh siad uilig go dtí an teach phobhail. Bá gnáthach leo dhul sá tráthnóna. Dfanadh siad sa bhaile mhór ag damhsa ag dul ceóil agus ag ól i dteach éighinteacht. Tigheadh siad ag am luighe agus geobhadh siad a gcuid suipéar idteach na mná. Beirtear 'Páirtí na bainse' ar an sluagh daoine a téigheadh o theach na mná go dtí an teach phobail.
    Thigeadh pairtí na bainse go toigh na mná - chun an bainis - ar capall. Biodh rása aca ag feachaint cén capall a bhfearr. An capall a bhíodh ag teacht na bainse or dtús b'e sin an capall a bfearr. Fear agus bean a bíodh ar gach capall. Bíodh an bhean ina suidhe i gcul an fhir. (Culóg a beirtear ar duine a béadh i gcúl duine eile ar capall).
    Fuadhach. Thigeadh sluagh fear o ait éighinteacht agus goideadh siad ar shiubhail bean do fhear aca. Tuairim níos mó na céad bliadhain o shoin tháinig baicle aca seo go dtí an Cruach Beag ach bhí an teach seo lán daoine agus chuir muinntir an tighe an ruaig ortha. Indhiaidh seó tháinig dream o Teidhleann chun cuidigh le muinntir na Cruaiche bige no cuala siad go rabh an dream seo ag teacht. Nuair a mhothuigh muinntir na Cruaiche bige an sluagh ag an doras toisigh siad ag troid
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Caitlín Bean Mhic Aodha
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Age
    54
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Cill Charthaigh, Co. Donegal