School: Mucros (roll number 5364)
- Location:
- Mucros, Co. Donegal
- Teacher: Aodh Ua hEigeartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus suas fhad leis an mhnaoi leis. Caidé bhí ina lámh leis ach an stoca eile agus cloch mór istigh ann Fuair sé greim muineáil ar an mhnaoí agus arsa seiseán. “Cá bhfuil an stoca a ghoid tú uaim indhé”. “Diarr tú orm é a chuir ar mó chos” arsa sise. Go díreach lé sin tháinic fear a’ toighe isteach. Tháinic scannradh ar an bhachach agus arsa seisean. “Amharc anois a fhear a’ toighe ceannuigh mé péire stocaí dó dó bhean agus nuair a fuair sí an seans tharraing sí an ghruag amach as mó cheann. Nuair a bhí sé ag dhul amach ar an doras casadh madadh air. Thug sé buille de’n stoca do’n mhadadh agus sín sé marbh é. Ní rabh fhios ag an fhear cé’n dóigh ar mhairbh an bacach an madadh leis an stoca mar ní rabh fhios aige go rabh cloch sa stoca ar chorr ar bith agus o sin amach shíl na daoiní gurbh fear draoidheachta a bhí i Saidhmidh agus o sin amach Saidhmidh Na bPisreóg a bheireadh na daoiní air agus go dtí an lá a fuair sé bás bhí eagla bhí eagla ar gach duine roimhe.
- Informant
- Pádraig A Dubhgáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- An Rualach, Co. Donegal