School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 170
- XML “Seanphaidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sean Phaidreacha"An codhladh sin atá ort, a Mháthair?"
"Ní h-eadh ach aisling-Coróin spíona le gabhail air Do-cheann-sa i mbáraach. Rópaí caola cruaidhe cnáibeacha. Do chuid fola uasal ag éirigh i n-áirde. Ag tuitim arís i lár na sráide."
"Ó is fíor é a Mháthair."
Níl fear, bean nó páiste dearfas an phaidir sin trí h-uaire i n-uile lá, nach mbeidh an Mhaighdean Mhuire sea i lathair báisIs mé an créatúr lag faoi ualach throm
Dá mhéád mo pheacadh is aithreach liom
Aidghim, creidim i nDia go síor
Le grádh mo chroidh 'gus le dochás fíor
Ar cois na croiche amharcuighim suas
Ó Íosa ár dTighearna claonaidh anuasLuighim ar mo thaobh dheis agus codhluighim ar mo thaobh chlé
Diúltuighim don ainspiorad 'gus gabhaim leis an Spiorad Naomh
Ceithre choirneál mo leabtha ceithre haingle ar mo scaball
Ma gheibhim-se bás ó seo go maidín flaithis Dé go rabh mo leabaidh.Coiscéim domh sa bhealach
An Spiorad Naomh go neamh-eaglach
I gcéill agus i gcuimhne
Ó Chríost is duit a chuimhnuighim mo choisceim.- Collector
- M. Ó Rodaighe
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Pádraig Mac Seaghain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Cheapach, Co. Donegal
- Informant
- Tomás Mac Seaghain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 94