School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 235
- XML “An Bhean Sí”
- XML “Scéal fán Diabhal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cuireadh amach ceithre mhaide agus níor mhothuigh siad go rabh siad ag teacht isteach ag Gob na Leice. Nuair a thainig siad ar amharc na céadhte[?] bhí an chéidh dubh le daoine ag feitheamh an dá shiúl a bhí i n-a gceann [?] le iad a theacht isteach no bhí siad cinnte gur báitheadh iad.
Ní rabh fhios ag an fhuirinn iad féin go rabh siad tamall ar bith amuigh. D'fiafruigh fear de'n fhuirinn de fhear a bhí ar an chéidh a mbéadh siad i n-am ag an Aifreann. Ba é an freagar a thug sé sin air gur oibreadh pisreógaí go leór ortha indiú bhí an tAifreann thart le fada.
Chuaidh siad fhad leis an t-sagart agus d'innis iomlan an scéil dó. Chros sé ortha a ghabhail amach feasta gan Aifreann Dé a éisteacht. - Sceal fá'n Diabhal
Bhí iasgaireacht scadán i dTeileann aon uair amháin agus fhí fear i n-a chonnuidhe i gCruachleann darbh ainim do Séamus Eoghain Óig. Fuair sé seo scéala ó n-a mhuintir go rabh aca le gabhail ar bád anocht.
Bhí oidhche chruaidh shneachta ann agus hhí an líon spréidthe faoin tsneachta. Ghéarr sé an aithghiorra[?] ag tarraingtar a' líon agus nuair a thainig se fhad leis, bhi andiabhal i n-a sheasamh ar a cheann. Rinne sé a dhicheall go(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal