School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 219
- XML “Síscéal”
- XML “Síscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ghfolach san chruaich. Thug sí leíthe é agus d'imigh sí abhaile. Ní fhacaidh an fear bocht í ón lá sin amach.
- ghfolach san chruaich. Thug sí leíthe é agus d'imigh sí abhaile. Ní fhacaidh an fear bocht í ón la sin amach.Siodh ScealBhi sin ann agus is fada ó bhí. Bhi fear i n-a chomnuidhe i Málain Bhig le n- a mhnaoi. Ní rabh de chlann aca acht giorrsach bheag amháin. Lá amháin chuaidh an fear 'na phortaigh agaus nuair a bhí am tae ann chuir an bhean an ghiorrsach bheag seo suas le n-a chuid tae. Nuair a bhi an t-athair i n-a shuidhe ag ól a chuid tae scairt an cailín amach, "Amharc anois a athair, thiocfadh liom-sa an bád sin amuigh ag bun na spéire a thabhairt isteach agus í a bhriseadh ar an charraig sin thios de chois an chladaigh." "Á ní thiocfadh," arsa an t-athair, "Tá mise níos láidre ná thú agus ní thiocfadh liom sin a dhéanadh. "Bhal amharc ormsa anois," arsa an ghiorrsach, ag imeacht leíthe sios go dtí tobar beag uisce is thoisigh sí a chur thart an tobair. "Anois," arsa sise, "nach bhfuil mé ag tabhairt isteach an bháid." " Tá cinnte," arsa an t-athair. "Anois," arsa an ghiorrsach, "bhrisfidh mé í." "Ní bhrisfidh," arsa an t-athair. "Amharc" arsa an ghiorrsach, ag tabhairt léim isteach ins an tobar. Le sin thainig an bád isteach ar an charraig agus rinneadh míle giota duíthe. "Anois nach(continues on next page)