School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 228
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán (continued)
“Tógfaidh mé mo sheoltaibh go brónach fá'n Nodlaig.”
(continued from previous page)AmhránTógfaidh mé mo sheolaibh go brónach fá'n Nodlaig
Ní déanfaidh mé stad no comhnuidhe go dtéid me go Machaire Camhain[?]
Fágfaidh mé mná agus páistí mar tá siad i n-a gcíor-thuathail
Agus leanfaidh mé an cailín bán bocht i n-uile áit a bhfuighh mé tuairisc.Tiocfaidh urdhubhadh ar na spéartaí, ar an ghréín gur ar an ghealaigh
Tiocfaidh dall ar mo radharc is ní léir damh gabhail an bealach
Ach tá cuach bheag i nGleann Eudáin[?] an té féadfadh a fhagáil le mealladh
Is ní sgarfaidh mo chroidhe go h-éag leithe go dtéigh muid araon i dtolamh.Caithfidh mé trí ráithche ag Mainistir na Bóinne
'Mo shuidhe is mo sheasamh is mo chodhladh ar an drúicht
Nuair a ba mhian liom pilleadh abhaile gus an Eaglais bheith faoi rún [?]
Sé brígh mo scéil a chailín deas nach bhfuil gar damh beith 'suibhal.- Informant
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal