School: Teileann

Location:
Teileann, Co. Donegal
Teacher:
Leon Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 230

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 230

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Teileann
  2. XML Page 230
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na mBréag" annsin de'n fhear eile caidé dhéanfad sé leis . D'iarr "Fear an Fhírinne" air amharc na súl a bhainnt as agus bhain. D'fiafruigh sé de annsin caidé dhéanfad sé agus d'iarr "Fear na Firinne" air é a chur isteach i mballa na gCat Fiadhain[?]. Agus rinne sé sin.
    Bhi na céadtaí de chait fiadhaine i n-a gcomhnuidhe sa bhalla seo agus theidheadh siad amach ach uile thrathnóna agus maidin ag solathar rud le n-ithe. Bhí dabhach mór ins an bhalla ag i n-uile cheann de na cait mar bhéadh tubán mór ann. Sé sin an áit d'fhágfad siad fuigheallach an lae.[?] Chuireadh siad a mbeal faoi nuair nach mbíodh dadaidh ionntú.
    Chuaidh an fear seo ffaoi bheal dabhach Rí na gCat, Bhí ainim ar ach uile chat agus nuair a thainig na cait isteach an oidhche cheadna bhi ag i n-uile cat le sceal a innse, Rí na gCat a bhí le n-a gceistniugadh . Scairt sé ar ach uile chat ag tabhairt a ainim fhéin ortha. "Innis sceal a Shadbh. arsa Ri na gCat. Acht ní ionseochadh sí aon sceal ar eagla go mbéadh aon duine i-s toigh a thabhairfeadh an sceal amach. Chuir sé ceist aca seo ar ach uile chat agus sé an freagar ceadne[?] a bhi siad ag tabhairt air nó go dtainig sé fhad le Coinneál Rí na gCqat. Dubhairt sé sin nach n-innseochadh sé aon sceal go bhfeicead sé iomlan dhearg na ndabhach tionntuighte.
    Thionntaigh sé uilig iad go dtí go dtainig siad fhad le dabhach Rí na gCat. Dubhairt an Ri nach rabh gnóithe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0613: The Two Travelers (Truth and Falsehood)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Mac Niallghuis
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Iascaire
    Address
    An Baile Mór, Co. Donegal