School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 236
- XML “Scéal fán Diabhal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhfaghadh sé an líon tágtha leis acht bhí an Diabhal ró-cruaidh aige, ni leigfead sé leis é.
Bhí deárhtar ag Séamus a dtugad siad Prionnseas air agus thainig seidean fhad le Séamus go bhfeicead sé caidé a bhí a chongbhailte, go rabh an fhuireann ag fanacht leis. D'freagair Séamus nach rabh neart aige air; go rabh an Diabhal i n-a sheasamh ar a' líon agus nach leigfead sé leis é. "Fan," arsa Prionnseas, "go bhfághaidh mise fhad leis, cuirfidh mé an tóir air." B'fhíor dó. Nuair a fuair seisean fhad le ceann an lín ní rabh (ag) an Diabhal i bhfad ag teitheadh.
Tóg Prionnseas an líon agus d'iomchuir na bháid é is níor bhodruigh an Diabhal é an oidhche sin ní ba mhó. Cupla oidhche i n-a dhiaidh sin thainig an Diabhal arais i n-a chumadh muice. Thog seisean a bhrog leis agus thug buille dó. D'imigh sé le sin acht thainig sé air arais agus é ag iasgaireacht i gcumadh bád seoil ag bualadh go cruaidh leis an ghaoith. Bhí bád ag tarraingt comhgarach anois don bhaile agus le sin chuir an Diabhal go dtí na mhuineál é i gcuan uisge. Shnámh sé agus shnámh sé nó go rabh a chos ar thalamh thirim arais. D'eirigh sé i n-a sheasamh annsin agus chuir sé ceist ar an Diabhal an rabh sé ábalta aon dath eile a dheanadh leis. Níor thug an Diabhal aon toradh air agus ghéaff Prionseas an Chroich-Chéasta i n-a aghaidh. Le sin d'imigh an(continues on next page)- Informant
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Donegal