School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Donegal
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 284
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sean-ScéalBhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí Rí agus báinrioghan ann fad ó shoin agus ní rabh aca acht inghean amháin agus bhí an inghean sin dall. Bhí an Rí agus an Bháinrioghan an-bhuaidheartha nuair nach rabh aca ach í agus is é an t-ainim a bheiread na comharsannaí - "Nóra Dhall". Bhí an ingean seo an-dóigheamhail. Bhí fear bocht i n-a chomhnuidhe comgharac dó chaisleán an Ríogh agus bhí an ghiorrsach seo an-mhaith dó. Lá amháin chuaidh an inghean go dtí teach an fhir bhoicht. Bhí an fear bocht i n-a shuidhe ag an teine. D'fiafruigh sí de cá tuighe nach rabh sé amuigh ag obair mar na fir eile. Dubhairt seisean nach bfuair sé a bhriocfeásta go fóill.
Thainig an ghiorrsach abhaile agus ar a bhealach casadh fear beag uirthe "Tá lá maith ann" arsa seisean. "Tá" arsa an cailín. D'fiafruigh an fear duíthe ar mhaith léithe an lá a fheiceáil. Dubhairt an cailín gur mhaith. "Acht", arsa an fear, "caithfidh tú geall a thabhairt damh-sa go bpósfaidh tú mé agus bheurfaidh mé amharc na súl duit." Chuaidh an cailín ina bhaile agus d'innis dó n-a h-athair agus dó na máthair caidé mar thárla. Níor mhaith leo í a leigint leis de bhrigh go rabh sí co dóigheamhail sin. Lá eile bhí sí ag gabhail an bealach ceudna agus casadh an fear beag uirthe "Tá lá maith ann", arsa an cailín. D'fiafruigh sé duíthe ar mhaith(continues on next page)- Informant
- Anna Nic Lochlainn
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ardara, Co. Donegal