School: Málainn Mhór (roll number 15991)
- Location:
- Málainn Mhóir, Co. Donegal
- Teacher: Liam Ó Beirn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Málainn Mhór
- XML Page 347
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear as Gleann Mhálainn ag teacht as an Ghleann oidhche amháin agus chonnaic sé bean ag teacht suas leis. D'fhan sé uirthí. Bhí mála léithe agus d'iomchuir sé é. Shiubhal siad leobhtha go dtí go dtáinig siad go dtí crois bhealaigh. Annsin dubhairt an fear léithe gurb é seo an ród a bhí aige le gabhail agus dubhairt an bhean gurb é an ceann céadhna a bhí aice le gabhail. Shiubhal siad leobhtha go dtí go dtáinig siad fhad le teach beag. Annsin arsa an bhean, "tá mise gabhail isteach annseo" thug sé an mála dí agus thug an bhean sgilling do. Chuaidh sé abhaile agus lá thar na bharrach tháinig sé síos go dtí an teach a deachaidh an bhean isteach. Chuir sé ceist ar bhean a' toighe ca rabh an bhean a tháinig annseo agus dubhairt seisean nach dtáinig bean annsin ar chor ar bith. Chuaidh sé abhaile arais agus níor smaointigh sé uirthí go dtí lá a rabh sé i siopa agus cheannaigh sé unsa tabaca as an sgilling a thug an bhean dó. Nuair a chuir sé a lámh i na bhfoca bhí an sgilling aige arais. Chaith sé a sgilling aráis agus tháinig sé aráid. Tháinig eagla air annsin agus thug sé do'n sagart é agus ní sé é ní ba mhó.Pádruig Ó Éigeartaigh
Málainn Mhóir
Leithbhearr
Co. Dhún na nGall.(continues on next page)- Collector
- Pádruig Ó Éigcartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig O Baoighill
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Age
- 56