Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)

Suíomh:
An Charraig, Co. Donegal
Múinteoir:
S. Ó Beirn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 505

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 505

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Charraig
  2. XML Leathanach 505
  3. XML “Scéal - Fionn Mac Cumhaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a pháiste. Dubhairt sise go dtáinig gadaidhthe isteach 'na toighe agus gur sgiob sé an leanbh amach as an cliabháin. Bhí oiread fearg ar an fathach nuair a chuala sé sin gur marbhuigh sé a mhathair. Annsin d'imhthigh sé fhad leis an chuan agus chonnaic sé an bád amuigh ar an fairrge agus d'imthigh sé leis na dhiaidh. Fa dheireadh fuair sé suas leis agus bheir sé greim ar dheiridh an bháid ag iarraidh é a baitheadh. Annsin d'éirigh Neart Mhac Neart ina sheasamh agus thoisigh sé féin agus an fathach ag troid. Fa dheireadh thainig an fathach ar bhóird agus bheir Neart Mhac Neart ar a dhá loirgneacha agus thoisigh sé a bhualadh i n-éadan an bháid go dtí nach rabh fágtha aige acht an dá loirgneacha agus chaith sé amach san fhairrge iad. Annsin d'imhthigh iad leobhtha agus bhí siad i Sasain sul ar éirigh an ghrian ar máidin. Nuair a d'éirigh an Rí d'iarr sé do Fionn an rabh an páisté aca agus dubhairt Fionn nach páiste a bhí aca acht páistí. Annsin bhí a oiread lúthghaire ar an Rí gur choinnigh sé iad cúpla lá ag fléadh agus ag féastaí agus nuair a bhí siad ag imtheacht líon sé an bhád de óir agus airgead agus d'imthigh Fionn agus a chuid fear abhaile go h-Éirinn. Ba
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Beirn
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ua Mhaoldomhuaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Donegal