Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)

Suíomh:
An Charraig, Co. Donegal
Múinteoir:
S. Ó Beirn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 527

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 527

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Charraig
  2. XML Leathanach 527
  3. XML “Scéal - An Bhean Ghlas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus nuair a bhí neoin agus deireadh an lae ann, chonnaic sé solas beag i bhfad uadh agus i neas dó. Tharraing sé ar an teach bheag. Chuaidh sé isteach agus d'iarr sé loistín, dubhairt fear an toighe nach rabh áit ar bith aige dó. Dubhairt an gasur go rabh sé ag a dhearbhráthair aréir, annsin bhí fáilte mór ag an fhear roimh an buachaill. Chuaidh sé amach agus shéid fideóg. Ca rabh éan ar an t-saoghail nach rabh cruinnighthe acht an Bean Glas. Ní rabh an Bean Glas le fagháil. D'innis fear an toighe go rabh dearbhráthair dó-san in a leitheád dé áit as bheith aige an oidhche ar na bhárach, agus mura bhfuigheadh sé an Bhean Glas bhéadh an ceann bainte de. Shiubhail sé an lá sin go rabh neoin agus deireadh an lae ann. Chonnaic sé an solas uadh agus i neas dó. Tharraing sé air. Bhí teach beag ann a rabh bun cleite amach agus barr cleite isteach, agus cleite amháin ag coinneáil an toighe 'sna súgáin. Chuaidh an gasúr isteach agus d'iarr sé lóistín as fear an toighe, dubhairt seisean nach rabh áit ar bith aige dó, acht dubhairt an gasúr go rabh sé ag a dhearbhráthair aréir, annsin bhí fáilte mór roimhe. Nuair a d'éirigh fear an toighe ins an mhaidín bhí an gasúr ina shuidhe comh luath léithe. Chuaidh fear an toighe amuigh agus shéid fideóg. Cha rabh éan ar an t-saoghail nach rabh cruinnighthe acht an Bean Glas, ní rabh an Bean Glas le fagháil. Nuair a bhí an gasúr ag imtheacht an lá sin thug an fhear sluasaid agus madadh a leanstain, agus an áit a stadfadh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Beirn
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dóchartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    47
    Gairm bheatha
    Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Charraig, Co. Donegal