Scoil: An Charraig (uimhir rolla 13946)
- Suíomh:
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: S. Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Charraig
- XML Leathanach 528
- XML “Scéal - An Bhean Ghlas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)madadh, thochailt. Sheasuigh an madadh ar carnán gainimh, annsin thoisigh an gasúr a thochailt agus phill an madadh 'un a bhaile. Chuaidh sé síos an bealach móir a ba deise a chonnaic sé aríamh. Shiubhail sé leis go dteachaidh sé go dtí teach mór. Bhí an Bean Ghlas inntí agus í ag cur lásaí síoda ar na fuinneógaibh. Tháinig sí anuas agus chuir sí céad míle fáilte roimhe. Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé é a fholach anocht ar eagla go mbuirfeadh an fhathach mór é. Chuir sé ina sheasamh é i gcúl an dorais. Nuair a tháinig an fathach mór isteach, dubhairt sé, "Mothuighim boladh Éireanaigh annseo anocht". Dubhairt sise go rabh buachaill ann d'fhorstuigh sí nuair a bhí sí in Éirinn mar bhí barraidheacht aici le deánamh. Dubhairt seisean léithe gurab í an bhean is amadaigh a chonnaic sé aríamh. An maidín lá ar na bhárach nuair a d'éirigh an fathach, d'iarr sé leis an buachaill go rabh bóitheach amuigh annsin nar cartuigheadh aon phreib amháin le seacht mbliadhain, agus mura mbéadh sé glan aige theacht 'un a bhaile dó-san go gcaillfeadh sé a cheann. D'imthigh an fhathach a sheilg. Chuaidh an buachaill amach, agus nuair a chaitheadh sé aon phreab amach thiocfadh dhá phreab isteach. Nuair a chuaidh an Bhean Glas amach leis a dhinneár, dubhairt sé léithe nach n-íosfadh sé biadh ná deoch no go gcaillfeadh sé a cheann. D'iarr sise teacht chuige a dhinnéara agus tháinig sé ins an deireadh, a fhad is bhí seisean ag ithe a dhinnéara tharraing sí sluasaid bhriste bhearnach amach as faoi a naprún. Thoisigh sí a chartú an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S. Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dóchartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall