Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán ó Bhéal Eibhlín Bean Mhic Chonaill
“Is claoidte an bás a fuair nighean Jimmy Aindreis...”
Amhran ó Bhéal Eibhlín Bean Mhíc Chonaill,I.
Is claoidte an bás a fuair nighean Jimmy Aindreas
Nuair a déirigh sí aniar as a leabaidh 's í na luige
Aon leath uair amháin ní thabhairfead 'n bás dí go dtainic sagairt na ngrás a's gur fhuasgail sé dí. II.
Bhí mise i Málainn nuair a chualaidh mé 'n tárbhach
'S leig mé mé féin sa rása go dtainic mé 'niar
Thabhairt comhairle den lánamhair an fhoigide sin dheánad
'S go bhfuigheadh siadsan sásadh i ndeireadh a saoghail. III.
Nuair a thainic mé sa lathair bhí'n chomhnair ar lár ann,
Chusgair mo nádur, mo mhisneach 's mo chroidh.
Bhí'n crónaire gallda 'cur tuairisg' a bais ann gan fios caide'n fath aeh ag coimlíonadh 'n dlig.IV.
Nach a Mairtín bhí cráidte nuair a chonnaic sí 'n gárda
Ag cruinnuighadh 's gach ceárna ag coimhead a nighin'
go bhfuigheadh siadsan failte eadar gaedhealach a's ghallda
Da mbíodh suid aicí Máire i ndeireadh a saoghail. V.
Níl an mhaitheas da deárn sí nach dleachaidh 'sna sgálaí
Ní bhfuair siad aon pheacadh ba taitneamhail na é.
Níl aon phlannta sa gharraidh ba deise na Máire
Gaedhealach nó gallda da rabh ins an tír.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Mhic Chonaill
- Ainmneacha eile
- Eibhlín Bean Mhic Chonaill
- Nellie Bheag
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Donegal