School: Mín an Bhealaigh (roll number 15229)

Location:
Mín an Bhealaigh, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Niallghuis
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 85

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 85

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Bhealaigh
  2. XML Page 85
  3. XML “Spealadóirí Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí scaifte fear ag bainc féir lá amháin san (tass) tsean am do fear darb ainm Tadhg Tharlaigh – Tadhg Ua Gallchobhair i Mín na Coilleadh. Gréafaidhe bhead Tadg agus gréafaidhe an mhaith fosta do reír cunntais na ndaoineadh.
    Ba gnáthach le tadg bróga a deánamh do na fir seo. Bhí se bacach agus de thairbhe sin ní thiocfadh leis mórán oibre a dheánamh taobh amuigh don teach.
    Chruinnigh scaifte aca lá amháin le cuideidh a thabhairt de. Spealadóirí maith a bhí ionnta uilig. Bhí clúi ag gach fear aca ar obair spéile ar fud na tire.
    Chuaidh siad isteach ceann aca indhiaidh an chinn eile. Bhí sraich le baine ag gach fear aca, agus ba truagh an duine nach raibh abalta a áit féin a chonghbailt.
    Bhí fear ar an Ruadh Chró darb ainm Dómhnall Ua Maol Dómhnaigh, agus ba eirean an cheid fear a chuaidh isteach. Bhí an chliú aige ‘san ceanntar seo leis an speil. Indiadh bhí fear ar Mín a Teicheadh darb ainm Seán Ua Gallchobhair. Bhí Seán ag tarraingt suas leis agus scairt sé amach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar O Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    55
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Mín na Coilleadh, Co. Donegal