Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)
- Suíomh:
- Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Niallghuis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí scaifte fear ag bainc féir lá amháin san (tass) tsean am do fear darb ainm Tadhg Tharlaigh – Tadhg Ua Gallchobhair i Mín na Coilleadh. Gréafaidhe bhead Tadg agus gréafaidhe an mhaith fosta do reír cunntais na ndaoineadh.
Ba gnáthach le tadg bróga a deánamh do na fir seo. Bhí se bacach agus de thairbhe sin ní thiocfadh leis mórán oibre a dheánamh taobh amuigh don teach.
Chruinnigh scaifte aca lá amháin le cuideidh a thabhairt de. Spealadóirí maith a bhí ionnta uilig. Bhí clúi ag gach fear aca ar obair spéile ar fud na tire.
Chuaidh siad isteach ceann aca indhiaidh an chinn eile. Bhí sraich le baine ag gach fear aca, agus ba truagh an duine nach raibh abalta a áit féin a chonghbailt.
Bhí fear ar an Ruadh Chró darb ainm Dómhnall Ua Maol Dómhnaigh, agus ba eirean an cheid fear a chuaidh isteach. Bhí an chliú aige ‘san ceanntar seo leis an speil. Indiadh bhí fear ar Mín a Teicheadh darb ainm Seán Ua Gallchobhair. Bhí Seán ag tarraingt suas leis agus scairt sé amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar O Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín na Coilleadh, Co. Dhún na nGall