School: Mín an Bhealaigh (roll number 15229)
- Location:
- Mín an Bhealaigh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Niallghuis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig biseach ar an chois arais ach bhí sí cam. Ón lá sin amach bhí sé bacach.
Mar dubhairt mé cheana féin, bhí sé na ghreáfaidhe, agus ba ghnáthach le mórán daoine a beith ag airneal san tigh aige. Bhí baicle istigh oidhche amháin san gheimhreadh, agus bhí siad uilig ag cainnt ar bhaines a bhí ag teacht. Dubhairt duine eiginteach nach bfuigheadh Tadg bean choidhche siocair é a bheith bacach. Lean siad den chainnt sin ag gaíre agus ag deánamh grin ar Thaidg. Tháinig fear ar Thaidg sa deireadh ag eisteacht leo. Sín sé amach an chos cham. Thóg sé smutan a bhí a chois no teineadh. Tháinig sé anuas ar an chois, agus bhris sé arais í san áit ceadna. Sin an treas uair a raibh sí briste san áit ceadna. Chóirigh an doctuir i san am seo, ach bhí sé bacach go dtín lá a d’fág sé an tír seo. Nach iongantach na daoine a bhí ann san am.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín na Coilleadh, Co. Donegal