School: Mín an Bhealaigh (roll number 15229)
- Location:
- Mín an Bhealaigh, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Niallghuis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Bhealaigh
- XML Page 92
- XML “Ag Obair ar an Domhnach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ina chomhnuidhe am amháin fad ó shoin i Mín na mBradán agus ba mhór aige bheith ag obair ar an Domhnach go minic. Tráth amháin ins an Fhóghmhar bhí cuibhreann coirce scaipghthe aige ar Dia Sathairn agus tháinig cuma fearthainne ar an spéir san oidhche sin. Bhí sé ag tarraingt suas leis an mheadhaon oidhche agus chuaidh sé amach an coirce a chruinniughadh.
Thoisigh sé ag cruinniughadh na bpanann agus chuir sé suas stoda amháin. Annsin thoisigh sé ar stoda eile nuair a chualaidh sé cat ag sgeamlughadh. D'amharc sé thart agus chonnaic sé cat mór dubh ina shuidhe ar bharr na stuaice.
Níor chuir sé suim ar bith annsin mar shaoil sé gur be a chat féin a bhí ann, mar go rabh cat dubh aige. Nuair a bhí an dara stoda criochnuighthe aige thug sé fa dear go raibh cat dubh eile ar bharr na stuaice sin, ach níor chuir sé suim ar bith annsin.
Lean sé ar a chuid oibre(continues on next page)- Informant
- Séarlas Ó Cianaigh
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ard an Rátha, Co. Donegal