Scoil: Éadan Anfaidh (uimhir rolla 10166)
- Suíomh:
- An tÉadan Anfach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Gráinne Ní Éagrain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)díomsa. Deán san dóigh é, nuair a bhéidheas sé críochnuighthe nach mbíonn a'n nduine i neinimh é (fo) thabhairt fadeara agus nuair a bhéidheas sé deánta agat tar agus innis díomsa é."
"Maith go leór," ars an cearpantóir, agus chuaidh sé i gceann na h-oibre.
Nuair a bhí an obair deánta aige chuaidh sé fhad léithe agus d'innis díthe go rabh an teach réidh anois. Chuaidh sí leis go bhfeicfeadh sí an mbéadh sé ina sásamh. Isteach i gcroidhe an chrainn léithe agus d'amharc sí thart.
"Tá sé go h-iongantach maith," ars sise, "ach tá grugan beag annseo os mo cheann agus tá eagla orm go mbéidh sé 'a mo ghortadh. Sín isteach an tuagh annsorm go ngeárraidh mé é."
"Taisbean damh é agus geárrfaidh mé fhéin é," ars an cearpantóir.
"Dheánfaidh mé fhéin lán comh maith é," ars sise, "ó tharlaidh istigh mé; sín isteach an tuagh chugam."
Shín an cearpantóir an tuagh isteach anns uirthi agus ar a fághail díthe chnag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Éagrain
- Inscne
- Baineann