School: Doobin (roll number 16383)
- Location:
- Dúbinn, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doobin
- XML Page 205
- XML “Fuadach Aoidh Ruaidh Ó Domhnaill - Aithris”
- XML “An Chaora Dhubh - Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuir sé múnadh ar an namhaid
Agus chuir go léur faoi smacht
Agus da nglacfaidh a chómhairle an oidhche sin.
Roimh an bhriseadh bhrónach mhall
Beadh áthrú dlighe indu againn ó Ceann tSáile go Dún-na-nGall. - An Caora Dhubh.
Bhí rí agus bain ríoghan ann uair amháin agus bhí seisean pósta dhá uair. Bhí ingean amháin aige leis an chead mhnaoi agus triúr ningheanach aige leis an dara bean. Bhí an chead ghiorsach an-scéimheamhail acht ní rabh an triúr eile comh dóigheamhail sin. Da bhrigh sin bhí droch meas ag an leas mháthair ar an cailin seo. Badh ghnáthach leis an Rí mórán caorach a bheith aige agus in a measg seo bhí caora dhubh. Bhí draoidheacht ag an chaora dhubh seo agus bhí sí ábalta labhairt. Bhí ag an chailin seo le dhul na chnuic achan mhaidin agus na caoirigh a choimeadh go dtí an tráthnóna ba é an biadh ba ghnáthach leis(continues on next page)- Informant
- Máire Nic Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Mín an tSionnaigh, Co. Donegal