Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doobin
- XML Leathanach 205
- XML “Fuadach Aoidh Ruaidh Ó Domhnaill - Aithris”
- XML “An Chaora Dhubh - Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuir sé múnadh ar an namhaid
Agus chuir go léur faoi smacht
Agus da nglacfaidh a chómhairle an oidhche sin.
Roimh an bhriseadh bhrónach mhall
Beadh áthrú dlighe indu againn ó Ceann tSáile go Dún-na-nGall. - An Caora Dhubh.
Bhí rí agus bain ríoghan ann uair amháin agus bhí seisean pósta dhá uair. Bhí ingean amháin aige leis an chead mhnaoi agus triúr ningheanach aige leis an dara bean. Bhí an chead ghiorsach an-scéimheamhail acht ní rabh an triúr eile comh dóigheamhail sin. Da bhrigh sin bhí droch meas ag an leas mháthair ar an cailin seo. Badh ghnáthach leis an Rí mórán caorach a bheith aige agus in a measg seo bhí caora dhubh. Bhí draoidheacht ag an chaora dhubh seo agus bhí sí ábalta labhairt. Bhí ag an chailin seo le dhul na chnuic achan mhaidin agus na caoirigh a choimeadh go dtí an tráthnóna ba é an biadh ba ghnáthach leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Nic Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Mín an tSionnaigh, Co. Dhún na nGall