School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 223
- XML (no title)
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin, agus ní raibh bó ar bith aca. Dar leis an fhear go rachadh sé 'un an aonaigh agus go gceannochadh sé bó.”
(continued from previous page)air cuidiú leis an chomhnai a iomchaire go dtí an uaigh. Chuidigh an fear leis. Nuair a bhí an uaigh cóirighthe bhí an lá ag glanadh agus d’aithin an fear go raibh sé ina gharradh fhéin.Brígid Bhreathnach, Áirdmhín. Clochán Liath a scríobh
Sgéalaidhe: Antoin Breathnach Áirdmhín a d’innis. Aois 49 bl.Scéal
“Bhí fear agus bean ann am amháin agus bhí mac amháin aca. Bhí siad iongantach bocht agus ní rabh a fhios aca b'fheárr dóbhtha a dhéanamh.”
Bhí fear agus bean ann am amháin agus mac amháin aca. Bhí siad iongantacht bocht agus ní rabh a fhios aca b’fhearr dóbhtha a dheánamh.
Fá dheireadh, d’imthigh an mac ar fastódh chuig maigistir a rabh neart airgid aige, agus bhí áit mhaith ag an ghasúr seo agus ní rabh mórán oibre le deánamh aige. Bhí eagla i gcomhnuidhe ar an mhaighistir roimhe na diabhail, agus lá amháin d’iarr sé ar an ghasúr a ghabhail go h-Ifreann agus na diabhail a thiomaint as.
Ba doiligh eagla a chur ar an gasúr seo agus d’imthigh sé leis. Ar a bhealach go h-Ifreann tharraing sé cupla slat agus thug leis ina láimh iad.
Nuair a tháinic sé fhad le h-Ifreann thug sé rása isteach agus thiomain amach(continues on next page)- Collector
- Anna Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Niall Ac Cumhaill
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal