School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 226
- XML “Iolar agus Aingeal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(tuirtín) bhoxtae
Chroth sí ceann aca os cionn dhoras an tseomra, an ceann eile ar an tábla agus d’fhág sí an treas ceann ar an dreasúir. D’imthigh sí fhéin agus Iolar leobhtha.
“Aingeal, an bhfuil tú ann do codladh” arsa an tsean-bhean.
“Tá mé ag coigilt na teineadh” arsa an tuirtín a bhí ar an tabla.
“Aingeal an dteachaidh tú a luighe” arsa an t-sean-bhean.
“Tá mé ag (coigilt) an teinidh ag urnaighe” arsa an tuirtín a bhí ar an dreisiúr.
“Aingeal caidé atá tú a dheanamh” arsa an t-sean-bhean
“Ta Aingeal agus Iolar na mílte ar shiubhal” arsa an tuirtín a bhí crochta os cionn (an tSeomra) dhoras an tSeomra.
“Bhí a fhios agam” arsa an t-sean-bhean “go rachadh siad ar shiubhal agus ní chuirfeadh Iolar as bealach.”
D’imthigh Iolar agus Aingeal leo go dtainic siad fhad le teach an Ríogh.
“Gabh isteach” arsa Aingeal agus fágh loistín na h-oidhche. Cuaidh Iolar isteach. Thainic Ingean an Ríogh anuas an staighre; nuair a chonnaic sí Iolar bhí iongantas uirthí no bhí sé an-deas.
D’imthigh Aingeal léithe go dtainic sí fhad le teach a rabh sean-bhean ann, agus cuaidh sí a comhnaidhe léithe. Sul a bposfaidhe lanamhain roimhe seo, biodh an bhainfhéis ann on lá roimhe-ré, agus an lá sul ar posadh Iolar(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal
- Informant
- Domhnall Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal