School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 265

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 265

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 265
  3. XML “Scéal - Pádraig agus Mícheál in Albain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar bith.
    D’imthigh an fear eile agus goidé de bharamhail nuair a d’fhág sé síos an soitheach greamaigh na punnta do thóin an tsoithigh, agus bhí Pádraig níos saidhbhre na a chomraduidhe a d’fhan ag an fheirmeóir. Tháinic sé anall go h-Éirinn annsin agus smaointigh sé go raibh cailín i gCo Thír Eoghain agus nach rabh aon duine aici ach í fhéin. Tháinic sé go dtí í seo tráthnóna amháin le luighe gréine, agus bhí sé ag brath i a mharbhughadh roimhe mhaidin agus an t-airgead a bhaint díthe.
    Ba ghnáthach leis a bheith ar fastódh aici seo nuair a bhí sé seacht mbliadhna déag d’aois agus shíl sise nach raibh stócach ar bith eile i n-Éirinn cosamhail leis. Eadar an dá am d’athruigh sé a intinn agus smaointigh sé go pósfadh sé í agus go mbéadh sin ní bh’fhearr na duine a mharbhughad. Pósadh iad seachtmhain ina dhiaidh sin agus bhí Pádraig bréagh sásta ar an ádhbhar go rabh sé ag deánamh go mbéadh an t-airgead aige fhéin lá éiginnteacht agus go mbéadh doigh bhréagh.
    Chuir sé nimh ina cupa-sa oidhche amháin, ach goidé a rinne sé ach é fhéin an tae ól agus fuair sé bás ins an bhomaite. An oidhche a cuireadh é tháinic fear de chuid an bhaile agus thóg amach a’s an uaigh é, agus d’fhág ina shuidhe ag giall an dorais é. Nuair a d’éirigh an bhean ar maidin fuair sé é ina shuidhe ag an doras ag amharc isteach uirthi. Chuir sí ceist ar an fear seo a thóg é goidé bá chiall leis a bheith ag teacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighread Ní Chinnéide
    Gender
    Female
    Address
    Cruach Phádraig, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Address
    Cruach Phádraig, Co. Donegal