School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall ac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 271

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 271

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 271
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí gasúr ann uair amháin agus ní rabh deirbsiúir nó dearbhrathair aige agus bhí a athair marbh ó bhí seisean ina leanbh, ní rabh aige ach a máthair.

    (continued from previous page)
    an fear ceist air ar mairbh sé í dubhairt an gasúr leis gur mhairbh.
    “Cá bhfuil mo chuid airgid anois” arsa’n gasúr.
    “Ba mhaith liom arsan fear, fiacail eile a chur ort. Tá an geimhreadh ag teacht anois agus ba mhaith liom go mór dá mbéadh culaith mhaith fheaghacha, agam agus beirfidh mé trí lá duit leis an culaith a bheith déanta agat, agus ag deireadh an ama sin gheobhaidh tú do chuid airgid”
    Thug an gasúr leis sgian agus chuaidh amach ‘un na coilleadh agus bhain sé lán a dhá láimh de feaghacha. Thug sé isteach ‘un toighe iad agus chuir an maighistir isteach i seomra é. Dubhairt fear an toighe leis muna mbéadh an chulaith déanta aige go mbainfidhe an ceann de. Chuaidh an gasúr i gcionn oibre agus teacht na h-oidhche bhí dhá mhuinncille déanta aige. Lá ar na bharach chuaidh sé i gcionn oibre arís agus teacht na n-oidhche bhí an culaith déanta aige.
    Tháinig an maigistir isteach agus nuair a chonaic sé an culaith déanta bhí luthgair mhór air. D’iarr sé air bearad a deanamh dó rinne an gasúr an bearad agus bhí sin déanta aige sul a deachaidh sé a luighe an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Bhreathnach
    Gender
    Female
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal
    Informant
    Seán Bhreathnach
    Gender
    Male
    Age
    54
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal