School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
![The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 275](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1055%2FCBES_1055_275.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 275
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 275
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Uair amháin nuair a bhí daoine ag gabhail a throid leis na Fianna, tháinic siad go dtí an teach a raibh Fionn ina chomhnuidhe ann, ach bhí siad uilig ar shiubhal ach bean Fhinn agus Óisín.”
(continued from previous page)na bhaile shuidh siad shíos ag déanamh a scithiste. D'amharc Oisín amach ar an fhairrge agus go díreach thiar ag bun na spéire chonnaic sé mar a bhéadh bád ag teacht amach chuige aniar. “Ní sin bád ar bith," arsa Fionn “ach duine éiginnteacht a bhfuil draoidheacht aige atá ábalta siubhail ar an uisge mar sin, nó b'fhéidir gur duine éiginnteacht atá ag gabhail a chur troda orainn, agus mar sin de fanochaidh muid go bhfeicidh muid cé atá ann.” Nuair atá muid annseo.
Nuair a tháinic sé aníos giota eile d’aithin siad gur cailín óg a bhí in agus í ag marcaigheacht
Ar chapall bhán a bhí níos gile na’n sneachta. Chuir Fionn fáilte roimpí agus d’fhiafruigh díthe cá h-áit a dtáinic sí as nó cé’n tír in ar tógadh í. “Tháinic mise” arsa sise “as Tír na h-Óige nach bhfuil a leithéid eile ar an Domhan seo. “Tháinic mise annseo fá choinne Oisín agus tá mé ag gabhail a thabhairt liom é go Tír na h-Óige. Ar ndóighe” arsa Fionn nach bhfuil a fhios agat nach dtiocfadh liom-sa gnaithe a deánamh gan Oisín agus mar sin de fanochaidh sé ins an bhaile.
Bhí Oisín ag éisteacht agus le sin fhéin sé tháinic ‘un tosaigh agus léim suas ar a cúl. D'imthigh an beathach léithe agus ní rabh faill ag Fionn stad nó ní h-eadh a rádh nuair a bhí an bheirt ar shiubhal a's amharc. Pósadh an bheirt aca i dTír na h-Óige agus d’fhan sé annsin ar feadh trí chéad bliadhan. Nuair(continues on next page)- Collector
- Maighread Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Address
- Cruach Phádraig, Co. Donegal