School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 312
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí beirt fhear ann aon uair amháin agus tugadh ordughadh daobhtha a ghabhail a bháirseóracht. h-Iarradh ortha an abhainn a bhí ag gabhail fríd an bhaile a choimhead agus dá bhfuighfhidhe greim ar dhuine ar bith ag ruaigeadh na h-abhanna go bhfuigheadh an”
(continued from previous page)bradán ithte acu shuidh siad síos a chómhraidh.
Le sin fhéin tháinic cnap toite anuas agus ní mó na go rabh na fir ábalta an bealach a fheiceáilt leis an doras a fhosglaidh. “Nach millteanach an séideadh anuas atá ann” arsa fear acu. “caithfidh sé go bhfuil athrughadh ar an aimsir.” Arsa’n fear eile.
Le sin fhéin líonadh an teach de toit. “Bhó! Bhó!” arsa an bheirt fhear, “tá na saighdiúirí amuigh agus muirbhfidh siad muid. Tá siad ag cur scrath ar an t-simleóir.
“Bhal, rachaidh muid amach ar chor ar bith cé bith a dhéanfar linn ach is dóiche liom gur an príosún a bhéas fá n-ar gcoinne.”
D’fhosgail siad an doras aus chuaidh siad amach, ach ní rabh aon duine le feiceáil acu ach go rabh scraith ar mhullach an toighe agus nach rabh sí ag leigint amach na toite.
Thug siad fá ndear duine éigin ag siubhal taobh shiar de’n bhóthán agus shíl an bheirt fhear gurbh’ iad na péus a bhí a gcoimheadh, agus chongbhuigh sé an bheirt fhear ina rith anuas agus suas chois na h-abhanna go maidín. Ar maidín lá ar na bhárach h-innsiughadh daobhtha gur duine éiginnteacht a bhí a gcoimhead. Agus ó’n lá sin ní bá mhó níor fhan an bheirt fhear ins an bhóthán i rith oidhche.Sgéalaidhe: Sorcha Ní Dhómhnaill, Áirdmhín, Clochán Liath.
Scríobhnóir: Máire Ní Dhomhnaill, Áirdmhín, Clochán Liath.- Collector
- Máire Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Sorcha Ní Dhómhnaill
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal