School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 320
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí gasúr ag gabhail an bealach mór lá amháin agus trí caora leis. Casadh sagart air agus chuir sé ceist air an rabh sé ábalta é fhéin a coisreacadh agus dubhairt an gasúr nach rabh.”
Bhí gasúr ag gabhail an bealach mór lá amháin agus trí caora leis. Casadh sagart air agus chuir sé ceist air an rabh sé ábalta é fhéin a coisreacadh agus dubhairt an gasúr nach rabh. "Bhal," arsa'n sagart foghluimneochaidh mise an dóigh duit. Cuir i gcás anois caora aca an t-Athair; an ceann seo an Mac; agus an chaora seo eile an Spioraid Naomh. Dubhairt an gasúr go gcoisreachaidh sé é fhéin 'ach a'n lá agus d'imthigh sé leis.
Thárlaidh sé go bhfuair caora aca bás agus bhí an gasúr buadhartha na dhiaidh. Casadh an sagart ar an ghasúr cuplá lá na diaidh seo agus d'iarr sé air é fhéin a choisreachaidh. "I n-ainm an Athar agus an Mhic agus fuair an Spiorad Naomh bás leis an galar sgráth!" arsa'n gasúr.
Sgéalaidhe: Cáit Ní Dhomnaill, Mín Corbhuic, Croich Slighe.
Aois: 72 bliadhan.- Informant
- Cáit Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Address
- An tSeanga Mheáin, Co. Donegal
Scéal
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin a seachtar mac aca. Fuair mac aca bás agus sa deireadh fuair an tseachtar bás, agus níor chaoin sí comh beag le deor na ndiaidh.”
Bhí fear agus bean ann aon uair amháin a seachtar mac aca. Fuair mac aca bás agus sa deireadh fuair an tseachtar bás, agus níor chaoin sí comh beag le deor na ndiaidh.
Rugadh mac eile daobhtha agus bhí sé(continues on next page)