School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 355
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí gasúr ann am amháin, agus bhí moran aiteacha siubhalta aige. Lá amháin bhí sé fhéin agus sgaifte eile gasúr ag dul 'na sgoile agus dubhairt duine aca go raibh seisean ag a leithéid seo áiteacha, acht bhí an gasúr ins na h-áiteacha céadna.”
(continued from previous page)Tuim, agus b'éigean do'n gasúr a rádh nach raibh sé annsin, mar níor chualaidh sé ainm na h-áite ariamh.
An tráthnóna sin tháinic sé 'un an bhaile agus chuir sé ceist ar a athair an raibh a fhios aige-san ca raibh Áill a' Tuim nó ar b'é sin an t-ainm a bheirtidhe ar an áit.
Dubhairt a athair leis gur bh'iomdha lá a chaith seisean annsin ag piocadh frachóg, nuair a bhí sé ina ghasúr. D'innis sé do fosta go dtugaidhe Áill an Máirneallaigh air fosta, agus gur bh'é an fáth ar tugadh an t-ainm sin air, bhí Máirneallach ina chomhnuidhe annsin i bhfad ó shoin.
Máirnealach a bhí ann a chaith mórán dá shaoghal ar an fhairrge ag sgrios soitheach a bhíodh ar a mbealach ó thír go tír agus gur chaith sé deireadh a shaoghail ag Áill a' Tuim. bhí dúil mhór aige i seilg, agus cé go raibh sé beo ar a chuid airgid ní thabhairfeadh sé leis duine ar bith ar eagla go gcaithfeadh an t-airgead ar bith a thabhairt dó.
Lá amháin d'imthigh sé o n-a bhothóigh agus níor fhill sé ariamh. Fa chionn bliadhna fuarthas marbh é ar an léana beag a bhí ag bun na h-Áille. bhí rópa ceangailte thart ar a chorp agus bacán ar cheann an rópa. Dubhairt daoine(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Niall Mac Cumhaill
- Gender
- Male
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal