School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 47
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ndéanfaidh sé sin do ghruag a bhearradh.
D'imthigh an prionnsa óg leis ag marcuidheacht ar chapall glas a raibh diallaid óir air. Bhí a bhróga agus an tsiorruip deánta de ór fosta agus bhí a adhairc deánta de airgead. Bhí dhá shleagh léis deánta de airgead a bhí comh géar agus go mbainfeadh siad fuil as an ghaoith.
Bhí dhá chú ar gach taoibh de go dtí gur shroich sé caisleán an ríogh. Bhí doras an halla fosgailte agus ní leigfeadh an giolla isteach é.
"Tá an rí ag ithe agus ag ól agus níl cead ag aon duine ghabhail ina lathair ach rí no prionnsa, ach geobhaidh tú ina lathair ambárach," arsa'n giolla.
"Ní dheanfaidh sin gnaithe," arsa'n stocach, "agus mur leigidh tú isteach mé dheánfaidh mé trí scairteanna agus ní thiocfaidh aon leanbh 'un tsaoghail ins(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Gender
- Female
- Address
- Cró Bheithe, Co. Donegal
- Informant
- Caitlín Nic Ailín
- Gender
- Female
- Address
- Crolly, Co. Donegal