Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 83
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)choinne an chinn eile." Mhothuigh Larraí iomlán d'ar dhúbhradh agus nuair a fuair Larraí (iomlán) é ar shiubhal thug sé leis an chaora agus sé ag tarraingt ar thoigh an ghaduidhe leis an chaora. Fuair sé céad punnta annsin.
Ní raibh Larraí i bhfad sa bhaile nuair a mhothuigh siad an trup ag teacht fhad leis an doras. Cé bhí ann ach an fear ar tugadh an chead chaora do. D'iarr sé ceann eile agus fuair sé í. Dubhairt an gaduidhe le Larraí nuair a d'imthigh fear na caorach go bhfuigheadh sé céad eile puntaí. D'imthigh Larraí arís. Nuair a bhí sé ag gabhail fríd an choillidh thoisigh sé a meaidhligh. Cé bhí ag gabhail fríd an choillidh ach fear na caorach. Shíl sé gurbh'é an chead chaora a fuair sé a bhí ann, agus d'imthigh sé a chuartughadhj.
Nuair a fuair Larraí an fear istoigh i ndoimhneacht na coilleadh thug sé leis an chaora a bhí ceanglaidhthe de'n gheafta agus d'imthigh sé leis ag tarraingt ar an bhaile. Fuair sé céad eile punta annsin. Nuair a phill fear na coilleadh bhí an chaora ar shiubhal agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Anna Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 51
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Donegal