School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 85
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé amach ina airicis agus chuir fáilte mhór roimhe. Bhí áthas mór ar a mhuinntir gur phill sé arís. Nuair a bhí sé tamall istoigh tharraing sé amach an sparán ina raibh an t-airgead agus dubhairt gur shaothruigh sé trí chéad punta ó d'imthigh sé. Bhí iongantas mór ortha uilig nuair a chonnaic siad an mhéid airgid a bhí leis agus comh fallsa agus bhí sé sul ar fhág sé an baile.
Bhí go maith agus ní raibh go h-olc, lá amháin bhí a mháthair ar an bhaile mhór, cé a casadh díthe a bean an mhinistir agus bhuail siad 'un comhraidh agus dálta mar bhíos na mná uilig bíonn fad na teanga acu agus d'innis máthair Larraí do bhean an mhinictir caidé mar shaothruigh a mac an t-airgead agus caidé fa'n dóigh ar casadh ar an ghaduidhe é. "O" arsa bean an mhinistir, mo mhac-sa a bhí ag gabhail fhad leis an ghaduidhe fá choinne na caorach agus tugadh ar shiubhal air í. Agus b'eigean do pilleadh fá choinne beirt eile. Agus tá mise ag dul a thabhairt un dlighe. D'imthigh máthair Larraí leithe na bhaile go brónach buadhartha agus d'innis an sgéal do Larraí. bhí seisean ar an daoraidh le na mháthair. Ach dubhairt an ministir(continues on next page)- Collector
- Gráinne Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal
- Informant
- Anna Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 51
- Address
- An Airdmhín, Co. Donegal