School: Cruit Island (roll number 16069)

Location:
An Chruit, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 56

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1058, Page 56

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruit Island
  2. XML Page 56
  3. XML “Capall Niall Bhrighde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    na bhaile bealach Ceann Caslach-agus é ag marcuidheacht uirthí-an bomaite a chuireadh sí a cos ar a traigh, chuireadh sí síos a ceann agus ar shiubhal leití caol direach mar bheadh saighead ann go sroicfeadh sí teach na scoile. Thiocfadh leat rópa a shíneadh ar na lorganna agus ní bhéadh ceann aca as an líne.
    Bhí searrach aice - "Johnnie Ruadh" an t-ainm a tugadh air. Deirtear do rabh seisean níos gaiste nó an capall da ma mhian leis é. Acht nuair a bhíos sé amuigh i rasa bhíodh se ag coingbheált ar chúl na capaill i gcomhnuidhe. Corr uair nuair a chuirfeadh sé in a cheann é ghearradh se ciorcal thar ortha agus iad ar a ndicheall.
    Díoladh an "Fire Fly" le fear as Gaoth Dobhair agus bhí sí ag tabhairt ar fhosta ó Croch-Slighe go Ceann Caslach ar radh suim bliadhanta acht bhí sí aosda san am sin.
    Tá Niall Bhrighde agus a theaghlach uilig marbh anois - go ndeánfaidhe Dia maith ortha agus níl acht sean ballóg fagtha in áit an toighe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig O Domhnaill
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Siubhan Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    Béal na Cruite, Co. Donegal