Scoil: Cruit Island (uimhir rolla 16069)
- Suíomh:
- An Chruit, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruit Island
- XML Leathanach 56
- XML “Capall Niall Bhrighde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na bhaile bealach Ceann Caslach-agus é ag marcuidheacht uirthí-an bomaite a chuireadh sí a cos ar a traigh, chuireadh sí síos a ceann agus ar shiubhal leití caol direach mar bheadh saighead ann go sroicfeadh sí teach na scoile. Thiocfadh leat rópa a shíneadh ar na lorganna agus ní bhéadh ceann aca as an líne.
Bhí searrach aice - "Johnnie Ruadh" an t-ainm a tugadh air. Deirtear do rabh seisean níos gaiste nó an capall da ma mhian leis é. Acht nuair a bhíos sé amuigh i rasa bhíodh se ag coingbheált ar chúl na capaill i gcomhnuidhe. Corr uair nuair a chuirfeadh sé in a cheann é ghearradh se ciorcal thar ortha agus iad ar a ndicheall.
Díoladh an "Fire Fly" le fear as Gaoth Dobhair agus bhí sí ag tabhairt ar fhosta ó Croch-Slighe go Ceann Caslach ar radh suim bliadhanta acht bhí sí aosda san am sin.
Tá Niall Bhrighde agus a theaghlach uilig marbh anois - go ndeánfaidhe Dia maith ortha agus níl acht sean ballóg fagtha in áit an toighe.- Bailitheoir
- Pádraig O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Siubhan Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall