School: Tráigh Éanna (roll number 16030)
- Location:
- Bá Thráigh Éanach, Co. Donegal
- Teacher: P. Mac Giolla Bhríghde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Adh mí-ad comhartaigh agus RiGearrfhiad -: Ma tá duine ag gabhail ar aistir iongantach fada agus gearrfhiad a bhéit ar an bealach mhóir roimhe deirtear go mbéidh droch adh air irith an aistir uilig. Ma bhíonn rothhair inusaid aige. B’feidir go dtuitead sé agus go mbrisead se a mhuinnéal. Muna dtuitead sé b’feidir go mbrisfead an an rothair air agus go gcaiteadh se an cuid eile de’n aistir a siubhal. Dá mbéad duine ag gabhail a imirt cardaí agus girrfiadh a ghabail treasna an bealaigh mhóir roimhe béid droch ar an duine sin.Cat Dubh -: Da gcásfaidh cat dubh ar duine agus an duine sin ag gabhail ar turas ta sé raidhthe go mbéidh droch rath ar an duine sin tríd an aistir. Séo sgeul a fuair ó sean duine san ceanntar seo. Bhí bean agus fear ann am amháin agus bhí siad ag fhágail an phinnsíun. Bá gnthach le fear de na mic [a togail] an pinnsíun a thógáil daobhtha. D’imthigh an chuid is mo de buachaillí an bhaile go hAlbain agus ba mhaith leis an gasúr seo imteacht fosta. Ní rabh fhíos aige caide’n dóigh a bhfuigh se ar siubhal. Smaointigh sé ar plean le fhághail ar siubhal la amháin. Dia Aoine amháin chuaidh sé go Oifig an Puist leis an pinnsíun(continues on next page)