Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- Doochary, Co. Donegal
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhchoradh
- XML Leathanach 259
- XML “Eoghan Ó Baoighill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach i mála agus d'imthigh ag tarraingt ar Bhaile Átha Cliath.
Nuair a bhí sé fá giota do Bhaile Átha Cliath an oidhche lá ar na bhárach ann. Rinne sé amach go bhfuireochadh sí san teach a ba cpomhgaraidh dó. Ní rabh a nduine san teach acht fear agus bean nó bhí an chuid eile de'n teaghlach ar shiubhal ag áirnéal. Nuair a tháinig an mac a ba shine isteach chonnaic sé an mála caithte i gcionn an toighe. D'amharc sé air agus d'aithin gur ceann Eóin Ó Baoighill a bhí ann. Chuaidh sé amach 'boithigh agus bhain an ceann de ghamhain. THug sé leis mála eile. Bhain sé ceann Eóin amach as mála Choinn agus chur ceann an ghamhain isteach. Chur sé ceann Eóin isteach i mála dó fhéin agus d'imthigh go Baile Átha Cliath. Bhí sé annsin nuair a bhí an oifig ag fosgladh. Chuaidh sé isteach agus d'fhiafruigh fear na h-oifige dó goidé a hí leis. Ceann Eóin Ó Baoghill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Ghrianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal