School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)

Location:
An Clochán Liath, Co. Donegal
Teacher:
Doiminic Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 109

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1062, Page 109

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Page 109
  3. XML “Murchadh Mór agus Murchadh Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuaidh sé chuig na bhuaibh. Chaidé tá dhíoghbhail ort ars’n buair”. Tá trí dheoc bhainne do chat, cat a bheirfeas ar luchóg, luchóg a lighfeas Im, Im le cur ar cosa con, con a ruaigfeas fiadh, fiadh a léimfheas tar uisge, uisge a fhliuchfas cloch, cloch a chuirfeas faobhair ar sgin, sgian a ghearrfas slat, slat slat, a sgiúinfeas druim Mhurchaidh Bhig a d’ith Mó chuid sughcraobh indé”.
    “Ní bhfuigh tú trí dheoch bhainne uainne go bfágha tú trí phionnainn choirce o na trí buailteoirí didaí thall”.
    “Chuaidh sé chúig na buailteoirí. “caide tá dhíoghbhail ort ars’n na buailteoirí?” Tá trí pionnainn choirce do na ba”.
    “Ní bhfuigh tú trí phionnainn choirce uainne go bfágha tú lán an chriathair seo d’uisce as an abhainn udaí shíos”.
    “Ní rabh an dara suidhe-sa-bhualadh acht a ghabhail i gcionn oibre”.
    Chuaidh Murcadh Mór i gcionn oibre ag iarraidh lán an chriathair de uisge a thóghail, acht de réir mar bhí sé ag tógail, agus ag líonadh. Bhí an t-uisge ag sileadh amach fríd na poill, i dtóin an chriathair. Lean sé do’n obair seo ó Neóin go h-árd trathnóna, agus sin a raibh ar a shon aige.
    Fá dheireadh is fa dheoid, caide tháinig a bhaile acht preachán, agus nuair a chonnaic se
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Doiminic Ó Ceallaigh
    Gender
    Male
    Age
    41
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    An Clochán Liath, Co. Donegal