Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh sé chuig na bhuaibh. Chaidé tá dhíoghbhail ort ars’n buair”. Tá trí dheoc bhainne do chat, cat a bheirfeas ar luchóg, luchóg a lighfeas Im, Im le cur ar cosa con, con a ruaigfeas fiadh, fiadh a léimfheas tar uisge, uisge a fhliuchfas cloch, cloch a chuirfeas faobhair ar sgin, sgian a ghearrfas slat, slat slat, a sgiúinfeas druim Mhurchaidh Bhig a d’ith Mó chuid sughcraobh indé”.
“Ní bhfuigh tú trí dheoch bhainne uainne go bfágha tú trí phionnainn choirce o na trí buailteoirí didaí thall”.
“Chuaidh sé chúig na buailteoirí. “caide tá dhíoghbhail ort ars’n na buailteoirí?” Tá trí pionnainn choirce do na ba”.
“Ní bhfuigh tú trí phionnainn choirce uainne go bfágha tú lán an chriathair seo d’uisce as an abhainn udaí shíos”.
“Ní rabh an dara suidhe-sa-bhualadh acht a ghabhail i gcionn oibre”.
Chuaidh Murcadh Mór i gcionn oibre ag iarraidh lán an chriathair de uisge a thóghail, acht de réir mar bhí sé ag tógail, agus ag líonadh. Bhí an t-uisge ag sileadh amach fríd na poill, i dtóin an chriathair. Lean sé do’n obair seo ó Neóin go h-árd trathnóna, agus sin a raibh ar a shon aige.
Fá dheireadh is fa dheoid, caide tháinig a bhaile acht preachán, agus nuair a chonnaic se(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Doiminic Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall